Eolas as Gaeilge
Cumann Cógaiseoirí na hÉireann
Is muide Cumann Cógaiseoirí na hÉireann (PSI – An Rialtóir Cógaisíochta), comhlacht poiblí a bunaíodh le hAcht Cógaisíochta, 2007, chun sláinte, sábháilteacht agus folláine othar agus an phobail a chosaint trí chógaiseoirí agus cógaslanna in Éirinn a rialáil. Is comhlacht rialála neamhspleách muid, is ar mhaithe le críocha cuntasachta poiblí atáimid ag feidhmiú faoi choimirce an Aire Sláinte. Táimid á rialú ag Comhairle PSI, a bhfuil a 21 ball ceaptha ag an Aire.
Leis an Acht Cógaisíochta, 2007, bunaíodh ról agus freagrachtaí CCÉ, agus tá sé ar fáil i nGaeilge anseo.
Ár Ról
Is é príomhról CCÉ sábhailteacht an phobail a chinntiú. Tá CCÉ tiomanta dá chuid oibre a dhéanamh ar bhonn neamhspleách, eiticiúil agus trédhearcach. Is é seo a leanas príomhról an CCÉ:
- Cláraímid cógaiseoirí, cúntóirí cógaisíochta agus cógaslanna;
- Sonraímid na caighdeáin d’oideachas agus d’oiliúint chógaisíochta agus cinntímid go bhfuil gach cógaiseoir ag díriú ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach (FGL) oiriúnach;
- Tacaímid le dea-chleachtas gairmiúil i measc cógaiseoirí trí chaighdeáin a ardú agus faisnéis a roinnt chun tairbhe othar agus an chórais sláinte trí chéile;
- Cuirimid obair allamuigh i gcrích chun measúnú a dhéanamh ar an tslí a bhfuil dlí cógaisíochta agus cógas á gcomhlíonadh agus, más cuí, déileálaimid le drochfheidhmíocht agus/nó le cleachtais mhíshábháilte;
- Breithnímid gearáin fhoirmiúla i gcoinne cógaiseora nó cógaslainne, lena n-áirítear smachtbhannaí a fhorchur;
- Soláthraímid comhairle, tacaíocht agus treoir don phobal, don ghairm chógaisíochta agus don Rialtas maidir le cúram, cóireáil agus seirbhísí cógaisíochta in Éirinn.
Comhairle CCÉ
Tá comhacht reachtúil ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann agus is gníomhaireacht é den Roinn Sláinte. Tá sé faoi rialú Comhairle de 21 comhalta. An tAire Sláinte a cheapann gach ball den Chomhairle i gcomhlíonadh leis an Acht Cógaisíochta 2007.
Tá an Chomhairle freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmeanna CCÉ a chur ar fáil, ar mhaithe le leas an phobail. Cuimsíonn sé seo straitéis don CCÉ a leagadh síos agus cinntíonn sé go gcomhlíontar cuspóirí. Tá freagrachtaí poiblí ag CCÉ agus ní mór dó gníomhú i gcónaí i gcomhthéacs ar mhaithe le leas an phobail.
Eagrúchán agus Rialachas
Tá Cláraitheoir (Príomhoifigeach) CCÉ freagrach as obair agus oibriú laethúil na heagraíochta a stiúradh agus a chinntiú go gcuirtear an Straitéis Chorparáideach 2025-2028 i bhfeidhm go héifeachtach agus go héifeachtúil.
Tugann comhaltaí foirne na Feidhmeannachta in CCÉ faoi chuspóirí straitéiseacha, reachtúla agus eagraíochtúla CCÉ chun tacú le hobair na Comhairle. Is iad príomh-Ranna oibriúcháin CCÉ:
- Oifig an Chláraitheora
- Dearbhú Cógaisíochta Pobail
- Dearbhú Cleachtóra
- Beartas Straitéiseach agus Cumarsáid
- Rialachas agus Seachadadh Clár Oibre
- Seirbhísí Corparáideacha
Ár Misean
Dearbhaímid sábháilteacht othar agus iontaoibh an phobail i gcógaisíocht trí rialáil éifeachtach.
Ár bhFís
Cúram cógaisíochta sábháilte agus éifeachtach ag tacú le sláinte ár bpobal.
Conas a dhéanaim gearán?
Mura bhfuil tú sásta leis an mbealach a caitheadh leat i gcógaslann, nó má bhíonn buarthaí ort faoi iompar, cleachtas nó sláinte chógaiseora, féadfaidh tú gearán a dhéanamh le Cumann Cógaiseoirí na hÉireann (CCÉ), an rialtóir cógaisíochta . Is é ról CCÉ chun breithniú a dhéanamh ar ghearáin a rinneadh faoi chógaiseoir nó cógaslann agus chun dul i mbun gnímh, más gá, chun dul i ngleic leis an gceist. Mínítear sa treoir seo próiseas gearán agus disciplíneach CCÉ, ina measc cén gearáin ar féidir le CCÉ déileáil leo, conas gearán a dhéanamh, agus an méid a tharlaíonn i ndiaidh duit gearán a dhéanamh.
Caithfidh do ghearán a bheith i scríbhinn. Ní féidir linn glacadh le gearáin a dhéantar ar an nguthán. I Féadtar cóip d’fhoirm ghearáin CCÉ a chomhlánú agus a shíniú agus í a sheoladh ar ais sa phost nó ar ríomhphost scanta chuig CCÉ.